DÚN GARBHÁN-52
Ag ócáid in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh i nDún Garbhán Déardaoin 14 Iúil, d’fhógair Jack Chambers,TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go raibh plean teanga Dhún Garbhán ceadaithe. Sa phictiúr ag an ócáid leis an Aire tá, ó chlé, Breandán Mac Craith, Foras na Gaeilge; John O'Leary, Méara Chomhairle Cathrach agus Contae Port Láirge; Mary Butler, TD, Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta; an tAire Jack Chambers; Dónall Ó Conghaile, Cathaoirleach, Dún Garbhán le Gaeilge. (ar chúl); Vicky Ní Bhrádaigh, Taighdeoir ar Phlean Teanga Dhún Garbhán agus Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála Port Láirge