DÚN GARBHÁN-53
An tAire agus an Plean. Ag ócáid in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh i nDún Garbhán Déardaoin 14 Iúil, d’fhógair Jack Chambers,TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go raibh plean teanga Dhún Garbhán ceadaithe. Sa phictiúr tá an tAire le cóip den plean ina lámha aige