Reachtáladh Ceolchoirm ag comóradh bhreith Joe Éinniú 100 bliain ó shin in Ionad na nImirceach Carna Dé Luain, 14 DF. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le muintir Joe a d’eagraigh an Cheolchoirm in ómós an fhonnadóra iomráitigh. Tugadh léargas ag an ócáid freisin ar mhíreanna saibhre ó chartlann Joe Éinniú (www.joeheaney.org). Bhronn Coiste Fhéile Joe Éinniú bunábhar na Cartlainne a forbeaíodh in Ollscoil Washington, áit a raibh Joe ag obair, ar an Acadamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, roinnt blianta ó shin.