DÚN GARBHÁN-61
Ag ócáid in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh i nDún Garbhán Déardaoin 14 Iúil, d’fhógair Jack Chambers,TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go raibh plean teanga Dhún Garbhán ceadaithe. Sa phictiúr leis an Aire tá, ó chlé, John O'Leary, Méara Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge; Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála; Mary Butler, TD, Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta; an tAire, agus Dónall Ó Conghaile, Cathaoirleach Dún Garbhán le Gaeilge