COMHAR CREIDMHEASA-0045
Ag ócáid bronnta Ciste Pobail Chomhar Creidmheasa Cholm Cille Teo tráthnóna inné, Déardaoin (12 Meitheamh), déanadh bronnadh ar cheithre eagraíocht/grúpaí deonacha. Is í seo an dara bliain agus an Ciste Pobail seo á fhógairt ag an gComhar Creidmheasa agus an deis tugtha d’eagraíochtaí/grúpaí pobail iarratais a dhéanamh ar an gCiste Pobail den luach €50,000. Sa phictiúr ag fáil na maoinithe tá, ó chlé: Aoife Uí Mhurchú, Rúnaí, agus Máirtín S. Ó Conghaile, ball, Choiste Pobail Ros a Mhíl. (€15,000); Siobhán Ní Ghadhra, CathaoirIeach agus Caitríona Uí Bhéarra, Rúnaí, Bord Bainistíochta Scoil Sailearna (€15,000); Peigín Uí Mhárta, Cathaoirleach; Mícheál Ó Cualáin, Rúnaí, agus Caitlín De Búrca, ball, Coiste Pobail na Minna (€10,000); Caitríona Ní Fhiannachta, Bainisteoir, Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (€10,000). Pic: Seán Ó Mainnín