Oircts_CC14-0063
pic Nan
Nan Tom Taimín de Búrca, amhránaí cliúteach ar an sean nós, ag breathnú uirthi féin ar fhíseán curtha le chéile ó ábhar a bhailigh Cinegael, faoi stiúr Bob Quinn, ag Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige, Co na Gaillimhe i 1974. Beidh Nan i measc na bhfonnadóirí a bheidh ag glacadh páirt san Oíche Mhór Sean Nóis, a bhéas ar bun in Óstán na Páirce, An Spidéal ar an Satharn, 27 Meán Fómhair mar chuid den "Oireachtas 1974-2014". Is comóradh ar chéad Oireachtas na Gaeilge a tionóladh sa Ghaeltacht. Pic: Seán Ó Mainnín