Thank you for your patience while we retrieve your images.

Bhí iontas agus sásamh ar lucht eagraithe Páráid Lá Fhéile Pádraig na Ceathrún Rua an Luan, 17 Márta seo thart nuair a d'fhreastal slua ollmhór, ceann de na cinn is mó riamh, ar an taispeántas i lár an bhaile. Agus ní raibh aon díomá orthu mar tháinig lucht na dtaispeántas amach ina méad agus ina ngalántacht chomh maith. Piocadh suas téamaí nuachta an lae inniu idir an raic maidir le pointí luais ag na Gardaí, na sceithirí nó "whistleblowers" ag tarraingt aird agus tuairimí éagsúla á nochtadh faoi réabadh na stoirmeacha ar chóstaí Chois Fhairrge agus amuigh. Bhi blas den maithneachas chomh maith le taispeántas iontach "The Quiet Man". Bhí Micí Luchóg Mouse le feiceáil i measc a chairde. Sa deireadh ba í féile na bpáisti agus bhi na céadta acu ar pharáid no ar thaobh an bhóthair agus iAd feistithe go sonrach in éadí agus hataí glasa agus le neart seamrogaí péinteáilte orthu. I ndiadh na paráide bronnadh duaiseanna ar na taispeántais ab fhearr. Níor stop an spórt leis an bparáid ar aon chuma mar bhi sorcas beag speisialta eagraithe don óige i Halla Columba agus ceol ar stáitse taobh amuigh le Kila. Críoch deas ar cheiliúradh an lae mhóir.
Paraid14-1253Paraid14-1254Paraid14-1256Paraid14-1260Paraid14-1262Paraid14-1264Paraid14-1266Paraid14-1268Paraid14-1273Paraid14-1274Paraid14-1279Paraid14-1281Paraid14-1284Paraid14-1285Paraid14-1288Paraid14-1291Paraid14-1293Paraid14-1295Paraid14-1296Paraid14-1298