Thank you for your patience while we retrieve your images.


Thumbnails
Info
Photo Info

Dimensions2500 x 1667
Original file size961 KB
Image typeJPEG
Color spacesRGB
Date taken1-Nov-25 15:04
Date modified8-Nov-25 20:38
DÍOSPÓIREACHT GAEL LINN-10

DÍOSPÓIREACHT GAEL LINN-10

Ó chlé: Sinéad Ní Mhaidín, Gael Linn; Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Gael Linn; Seán Ó Ceallaigh, iarbhainisteoir Gael Linn; aoichainteoir na díospóireachta, Brendan Ó Dufaigh

Comórtas Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn ag Oireachtas na Samhna
Tá Corn Gael Linn/The Irish Times ag dul go Baile Átha Cliath agus an bua i gCraobh Díospóireachta Tríú leibhéal Gael Linn 2025 ag foireann Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chuaigh na cainteoirí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste na Tríonóide i bhfeidhm go mór ar na moltóirí: Joe Ó hÉanaigh, Antoin Delap, Máirín Uí Mhuirí, Féilim Mac Donncha agus Ursula Ní Shabhaois. Thug na moltóirí ardmholadh do na foirne as caighdeán a gcuid argóintí, agus as a gcuid taighde agus as an réamhullmhúchán éifeachtach a rinne siad.
Reáchtáladh an chraobh mar chuid d’fhéile Oireachtas na Samhna san ICC agus craoladh an t-imeacht beo ar chainéal YouTube Gael Linn Dé Sathairn, 01 Samhain. ‘Tá níos mó sochair ná dochar ag baint leis an intleacht shaorga,’ an rún a bhí faoi chaibidil ag na foirne.
Chuir Seán Ó Ceallaigh, iarbhainisteoir Gael Linn, fáilte chroíúil roimh an slua breá a bhí i láthair
Ghabh Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Gael Linn, buíochas le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge as ucht gach cabhair agus tacaíocht a thabhairt do Gael Linn leis an chomórtas seo a reáchtáil ar ardchaighdeán gach bliain. Ghabh sé buíochas speisialta thar cheann Gael Linn le haoichainteoir na díospóireachta, Brendan Ó Dufaigh, a spreag an lucht éisteachta lena óráid iontach. Thug Ó Dufaigh ardmholadh do na foirne agus do na mic léinn uile a bhí i láthair ag an ócáid agus é ag caint. Mhol sé do na mic léinn tríú leibhéil a bheith ag smaointiú ar an Ghaeloideachas mar shlí bheatha agus mar rogha scoile dá bpáistí féin amach anseo. Mhol sé na foirne uile go hard as a sár-iarrachtaí, a sárchumas taighde agus comh líofa is a labhair gach ball foirne agus iad i mbun díospóireachta.

Bronnadh Corn Gael Linn/The Irish Times, mar aon le €200 an duine agus Bonn Airgid an Oireachtais ar na buaiteoirí, Aoife Ní Leochain agus Éimear Nic Dhonnchadha ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Tháinig foireann Choláiste na Tríonóide sa dara háit, agus bronnadh €100 an duine, mar aon le Bonn Chré-Umha an Oireachtais, ar na cainteoirí, Éire Ní Fhaoláin agus Gráinne Ní Ailín.
Tá an comórtas seo á eagrú le blianta anuas ag Gael Linn i gcomhar le Dónall Ó hEigeartaigh, Comhordaitheoir na Mac Léinn ag Conradh na Gaeilge, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac foirne ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre páirt i réamhbhabhtaí sa chomórtas i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Bhí slua an-mhór i láthair ag an ócáid.