Visitors 349
Modified 20-Mar-14
Created 20-Mar-14
69 photos

Fuair ceolsiamsa "Mamma Mia" rang idirbhliain Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua ní fios cé mhéad gártha molta agus bualadh bos tréan leanúnach ón slua a bhí i láthair ag a chéad léiriú oíche Déardaoin seo (20). Leanann "Mamma Mia" go dtí an Satharn (22ú) ach tá an Satharn díolta amach, a chairde.
Seó breá bríomhar spleodrach atá ann le ceol síorthaitneamhach Abba agus damhsa agus amhránaíocht fhuinniúil ó ghluaiseacht agus ó ghlórtha na ndaltaí ar stáitse. Thuig agus bhí meas ag an lucht féachana ar a gcumas. Thaitnigh an an t-athchóiriú scriopta a lig isteach tagairtí greannmhara áitiúla. Thaobhaigh siad go speisialta le "Bill" (Finín Ó Fátharta) ina chuid tuairimí.

Ní raibh sos soicind i ngluaiseacht an cheoldráma seo idir athrú láthair agus ócáide agus casadh nua sa mhullach ar cheann eile maidir leis an ngrá agus pósadh. Bhí na haisteoirí agus na damhsóirí go maith in ann don dúshlán seo. Tá moladh tuillte acu agus dá stiúrthóir, Marcus Ó Gaoithín agus an cóireagrafadóir Mickey Walsh. Moladh chomh maith don stiúrthóir ceoil Gerard Madden a chuir a saothar na daoine méanaosta sa lucht féachana ar ais ar bhóithre na smaointe lena léiriú ar cheol na Sualanach.

Is cinnte go bhfuil féith na haisteoireachta ag cuid mhaith de daltaí. Bhí gean daoine ar charactéir "Tanya", bean ardnósach, leithleasach lárnach, tréithe a chuir Shaoirse Ní Chualáin trasna i lán a héagsúlachta go héasca agus go siamsúil. Ba nádúrtha iad Colm de Buitléar, Clíodhna Ní Loideáin agus Síle Ní Chonghaíle in a bpríomhpháirteanna. Thuill Fiach Mac Fhionnlaoich gean an tslua mar Harry. Nuair a tugadh an deis do Amy Ní Cheallaigh mar "Rosie" agus í ag súirí le "Bill" thapaigh sí í. Ba mhaith iad cairde "Sophie", "Ali" (Denise Ní Fhlatharta) agus "Lisa" (Róisín NíNeachtain). Bhí a gcuid nóiméad cinniúnach féin le seasamh amach i rith an dráma ag "Sky" (Aonghus Ó Domhnaill) "Pepper" (Jack Breathnach) agus "Eddie" (Stiofán Seoighe). Agus beannachtaí leis an "Athair Alexandrios" (Eoin Mac Donnacha).
Mamma-0136Mamma-0139Mamma-0141Mamma-0142Mamma-0150Mamma-0152Mamma-0156Mamma-0163Mamma-0167Mamma-0170Mamma-0171Mamma-0174Mamma-0175Mamma-0178Mamma-0179Mamma-0214Mamma-0215Mamma-0180Mamma-0183Mamma-0184

Categories & Keywords
Category:
Subcategory:
Subcategory Detail:
Keywords: